Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Thosaigh sí ag obair i monarcha Chroithlí in 1945, bhí tréán oibre inti an t-am sin. Léir daoine ag obair ansin. Ag rothaíócht chun na hoibre. Ag fuál ar an inneall. Mícheál Ó Bulger an bainisteoir a bhí aici. Cur síos ar an obair, lóid ag imeacht achan tráthnóna. Na huaireanta oibre a bhí aici. D’oibríodh sí Satharn fosta corr uair. Bhí pá de 15 scilling aici. Bhí sí 15 bliana d’aois san am. D’ardaigh an pá de réir ama. | 00:05:43 | |
Bábóga Chroithlí, an cineál a rinne siad. Dhíoltaí thart fríd an domhain iad. Chaith sí 10 mblina ag obair ansin go dtí 1955 nuair a pósadh í. Ni raibh cead aici oibriú tar éis a pósta. Bhí moll daoine ag teacht isteach le hiad a cheannach, bhí siopa ansin fosta. Bhí a fear céile ag obair sa mhonarcha fosta. Bhí luach de £2 10 scilling ar na babóga san am sin. | 00:05:20 | |
Thosaigh an monarcha in 1940, thosaigh a fear céile, Patrick, ag obair ann in 1942. Nuair a pósadh í ba ghnách léi obair a dhéanamh sa bhaile, ag fuál sa tráthnóna agus san oíche. Dhéanadh sí £6 nó £7 corr uair sa tseachtain. Bhí Patrick ag obair ansin go dtí 1979, seo tús le druid an mhonarchain. D’fhág cuid acu ar dtús agus ansin scaifte eile acu, fuair siad poist ar an Screabán ar an Eastát i nGaoth Dobhair. Dhíol siad na hinnill agus an t-éadach, bhí a fear ag déanamh seo, bhí sé ar dhuine de na daoine deireanacha leis an áit a fhágail. Thosaigh Nuvotem i ndiaidh sin. Lucht oifige atá ann anois. | 00:04:58 | |
Stair an mhonarchain, cairpéidí a rinneadh ar dtús inti. Bhí aintín Sarah ag obair ansin. Druideadh sin agus thosaigh siad ag déanamh síoda. Bhí Sarah ar an scoil san am sin. Mhair sin cúpla bliain gur druideadh arís í. Ansin thosaigh na bábóga. In 1979 d’imigh cuid acu na Screabáin, an lá a tháinig an Pápa go hÉirinn. | 00:01:36 | |